← Chuirfeadh John, an duine ba shine acu, gasúr crua cadránta i gceann a cheithre mbliana, chuirfeadh sé ina héadan go deireadh, cé go mbeadh fáinní dearga fá na súile aige ar mhéad is a chuimil sé leis an tuirse iad. 🔊✎
← Thug caint Mhicí mothú ciontach chun tosaigh in intinn Jimmy, cé gur mhaith a bhí a fhios aige gurbh iad Elizabeth agus Margaret na páistí ab fhearr a cuireadh chun tsaoil riamh. 🔊✎
← Anois, b'fhada le Jimmy go dtógadh sé iad, duine ar achan lámh, agus go dteannadh sé lena chroí iad agus go dtéadh sé a cheol daofa agus éisteacht leo ag plobaireacht. 🔊✎
← Chuir Micí dhá losaid fána lán gloiní ar an chuntar agus thug Jimmy chun table fá dheifir iad. 🔊✎
← Bhí triúr nó ceathrar de dhéagóirí istigh roimhe agus iad ar meisce ar fíon úll. 🔊✎
← Bunús na bhfear, ní bhíonn ag cur bhuartha orthu ach iad féin agus na cairde agus a gcuid piontaí." 🔊✎
← Shílfeadh duine gur bhaill iad de chumann rúnda inteacht ina raibh sé de dhualgas ar gach ball beannú dá chéile sa chuid ba ghairbhe de chaint ghraosta, ghraifleach, ghnéasach na Sacsanach. 🔊✎
← Ba mhian leis luí aici agus inse di cad é chomh sona sásta is a bhí sé le linn iad bheith le chéile. 🔊✎